Monday, July 23, 2012

Caillte sa Chibirspás

N’fheadar go cruinn cad a tharla, ach dealraíonn go bhfuil chuile focal dar scríobh mé ar an seanbhlag caillte, imithe mar a bheadh ceo roimh leoithne gaoithe.  Seo mé le blag nua agus sé an chéad rud a bheidh agam daoibh ná bearna coicíse.  Mise agus An Cosantóir, beimid ag déanamh ar an tSeapáin, go hoileán Kyushu, mar a mbeidh ár gcéad mhac, Cathal, á ghairim mar ‘Comadóir’ i gcabhlach SAM.  Nílim féin cinnte cad is Comadóir ann, ach dealraíonn gur céim suas thar a bheith tábhachtach í agus dualgas orainn bheith i láthair.  Thairis sin, beidh orm ‘cúpla focal’ a rá agus mé meáite de iad a rá as Seapáinis, teanga a raibh cuid mhaith di agam ‘mukashi, mukashi wa’ (i bhfad i bhfad ó shin).