Monday, July 23, 2012

Caillte sa Chibirspás

N’fheadar go cruinn cad a tharla, ach dealraíonn go bhfuil chuile focal dar scríobh mé ar an seanbhlag caillte, imithe mar a bheadh ceo roimh leoithne gaoithe.  Seo mé le blag nua agus sé an chéad rud a bheidh agam daoibh ná bearna coicíse.  Mise agus An Cosantóir, beimid ag déanamh ar an tSeapáin, go hoileán Kyushu, mar a mbeidh ár gcéad mhac, Cathal, á ghairim mar ‘Comadóir’ i gcabhlach SAM.  Nílim féin cinnte cad is Comadóir ann, ach dealraíonn gur céim suas thar a bheith tábhachtach í agus dualgas orainn bheith i láthair.  Thairis sin, beidh orm ‘cúpla focal’ a rá agus mé meáite de iad a rá as Seapáinis, teanga a raibh cuid mhaith di agam ‘mukashi, mukashi wa’ (i bhfad i bhfad ó shin).

3 comments:

  1. Comhghairdeachas libh agus le do mhac, a chara!

    Go n-éirí go geal libh sa tSeapáin, agus leat féin ar an mblag nua seo..:-)

    ReplyDelete
  2. Comadóir, muise! Beidh cead aige hata thar a bheith ornáideach a chaitheamh, gan dabht! Go maire sé é, agus go mbaine sibhse taitneamh as an ócáid! Maidir le do sheanbhlag, is cúis imní nach beag a leithéid. Áine ar dtús, tusa anois… ní maith liom é.

    ReplyDelete
  3. Lá na hataí móra imithe le fada. Ach é ina Chomadóir le seachtain, amach leis an flotilla go léir agus gan filleadh abhaile i ndán dóibh go ceann 4 mhí. Is saol é atá crua go leor ar chéilí agus clann.

    ReplyDelete