Monday, July 23, 2012
Caillte sa Chibirspás
N’fheadar
go cruinn cad a tharla, ach dealraíonn go bhfuil chuile focal dar scríobh mé ar
an seanbhlag caillte, imithe mar a bheadh ceo roimh leoithne gaoithe. Seo mé le blag nua agus sé an chéad rud a
bheidh agam daoibh ná bearna coicíse. Mise
agus An Cosantóir, beimid ag déanamh ar an tSeapáin, go hoileán Kyushu, mar a mbeidh
ár gcéad mhac, Cathal, á ghairim mar ‘Comadóir’ i gcabhlach SAM. Nílim féin cinnte cad is Comadóir ann, ach dealraíonn
gur céim suas thar a bheith tábhachtach í agus dualgas orainn bheith i láthair. Thairis sin, beidh orm ‘cúpla focal’ a rá
agus mé meáite de iad a rá as Seapáinis, teanga a raibh cuid mhaith di agam ‘mukashi,
mukashi wa’ (i bhfad i bhfad ó shin).
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Comhghairdeachas libh agus le do mhac, a chara!
ReplyDeleteGo n-éirí go geal libh sa tSeapáin, agus leat féin ar an mblag nua seo..:-)
Comadóir, muise! Beidh cead aige hata thar a bheith ornáideach a chaitheamh, gan dabht! Go maire sé é, agus go mbaine sibhse taitneamh as an ócáid! Maidir le do sheanbhlag, is cúis imní nach beag a leithéid. Áine ar dtús, tusa anois… ní maith liom é.
ReplyDeleteLá na hataí móra imithe le fada. Ach é ina Chomadóir le seachtain, amach leis an flotilla go léir agus gan filleadh abhaile i ndán dóibh go ceann 4 mhí. Is saol é atá crua go leor ar chéilí agus clann.
ReplyDelete